Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta
Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2026
Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2026
Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an 12/06/2026 nó dá éis, agus má cinneadh déanta ar d’iarratas, beidh litir chinnidh faighte agat ina luaitear ceann amháin díobh seo a leanas:
- 1
Deonaíodh stádas dídeanaí duit, nó
- 2
Diúltaíodh stádas dídeanaí duit, ach deonaíodh stádas cosanta coimhdí duit, nó
- 3
Diúltaíodh stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí duit
Má luaitear 2 nó 3 thuas i do chinneadh, is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh seo chuig an mBinse um Achomhairc Tearmainn agus um Fhilleadh.
Tabhair faoi deara: Má rinne tú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta roimh 12/06/2026, agus má cinneadh déanta ar d’iarratas, déan teagmháil leis an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta más mian leat achomharc a chur isteach.
Tá sé tábhachtach go seiceálann tú do litir chinnidh le fáil amach cé mhéad ama atá agat chun d’achomharc a dhéanamh. Ní mór achomhairc chaighdeánacha a dhéanamh laistigh de mhí amháin ó fháil do chinnidh. Ní mór achomhairc luathaithe a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ó fháil do chinnidh. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi achomhairc luathaithe, féach Alt 173(1) den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2026 .
Mura bhfuil ionadaí dlíthiúil agat cheana féin, is féidir leat cúnamh dlíthiúil a fháil le haghaidh d’achomhairc. Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas é seo a dhéanamh, cliceáil ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil nó seol ríomhphost chucu ag [email protected] .
Más mian leat, féadfaidh tú éisteacht ó bhéal a iarraidh mar chuid de d’achomharc. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas é seo a dhéanamh, cliceáil ar Éisteachtaí ó Bhéal .
Más mian leat fanacht sa tír seo go dtí go ndéanfar cinneadh ar d’achomharc, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse um Achomhairc Tearmainn agus um Fhilleadh laistigh de 10 lá ó fháil do litir chinnidh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas é seo a dhéanamh, cliceáil ar an gCeart chun Fanacht , nó féach ar Alt 189 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2026 .